Malartaigh smaointe agus cruthaigh deiseanna líonraithe le daoine nó le heagraíochtaí trí Chuardach Comhpháirtí EPALE.
Bí páirteach! Comhroinn do smaointe, do churaclaim, nó bunaigh comhpháirtíochtaí tionscadail.
Cabhraíonn Cuardach Comhpháirtí EPALE chun an focal a scaipeadh – cibé an mian leat sampla de dhea-chleachas a mhalartú le piaraí, tionscadal a thosú, nó díreach smaoineamh maith a nochtadh don saol mór!
Cruthaigh iarratas ar chomhpháirtí chun líonraí a thógáil le pobal foghlama aosaí na hEorpa trí chuireadh a thabhairt do dhaoine eile teagmháil a dhéanamh leat agus a bheith rannpháirteach leat.
Leid den scoth: Tabhair eolas atá chomh sonrach agus is féidir. Cabhraíonn sé chun muinín a chothú. Tabhair cuntas gearr ar do chuid riachtanas, an cineál comhoibre atá uait agus an méid a mbeadh súil agat leis ó do chomhpháirtí.
Úsáid Cuardach Comhpháirtí EPALE chun eagraíochtaí agus daoine aonair a aimsiú ar spéis leo dul i mbun oibre leat. Cuardaigh de réir tíre, gníomhaíochta agus cineál eagraíochta chun an comhpháirtí a oirfidh duitse a aimsiú.
Leid den scoth: Beachtaigh do chuardach tuilleadh tríd an gcuardach casta a úsáid chun príomhthopaicí spéise a chuardach.
Séanadh: Ní fhormhuiníonn EPALE na heagraíochtaí liostáilte sa Chuardach Comhpháirtithe ná tuairimí ar bith a chuireann siad in iúl ná seirbhísí ar bith atá á dtairiscint acu. Cuirtear gach nasc ar fáil mar eolas agus ní féidir linn freagracht a ghlacadh as inneachar suíomhanna gréasáin seachtracha.
Má chinneann tú ar dhul i gcomhpháirtíocht le ceann ar bith de na heagraíochtaí seo beidh an teagmháil seo go díreach agat leis an eagraíocht lena mbaineann agus ní bheidh aon bhaint chonartha ag EPALE leis seo.
Má tá aon imní ort faoi inneachar ar bith ar EPALE, déan teagmháil linn ag helpdesk@epale-support.eu.